Fáilte go Gaelscoil Chill Mhantáin
Is bunscoil lán-Ghaelach í Gaelscoil Chill Mhantáin. Is é An Foras Pátrúnachta pátrún na scoile. Bunaíodh Gaelscoil Chill Mhantáin i 1996 chun oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil i gCill Mhantáin agus sa cheantar máguaird. Ba í Gaelscoil Chill Mhantáin an chéad Gaelscoil Idirchreidmheach le comh-éiteas Caitliceach agus Protastúnach sa tír. Is scoil chomhoideachais í freisin.
Sa bhliain acadúil 1996-7 bhí daichead dalta agus beirt mhúinteoirí sa scoil, anois tá níos mó ná dhá chéad ochtó dalta agus sé mhúinteoir déag lánaimseartha sa scoil agus triúr múinteoirí tacaíochta foghlama ina measc. Tá príomhoide riaracháin, rúnaí lánaimseartha, seachtar cúntóirí riachtanais speisialta, airíoch agus beirt ghlantóirí sa scoil freisin.
Is iad na daltaí na daoine is tábhachtaí i nGaelscoil Chill Mhantáin, ar ndóigh.
Féach ar an suíomh gréasáin seo chun tuilleadh eolais a fháil faoinár scoil agus chun na daltaí a fheiceáil ag obair agus ag súgradh.