Tuismitheoirí

Amanna Scoile (Choicís)

Tosaíonn an scoil ag 8:30 r.n. gach maidin. Baileoidh an múinteoir na páistí ón gclós gach maidin ag an am sin. Críochnaíonn na ranganna do na naíonáin ag 1:10 i.n. (Naíonáin Shóisir – 11.45 – an chéad choicís) agus críochnaíonn ranganna 1 – 6 ag 2.10i.n.

 

Tá tuismitheoirí freagrach as a leanaí féin ón uair a bhailíonn siad iad ón múinteoir. Tá sé tábhachtach go dtagann na leanaí ar scoil in am i dtreo is go mbeadh siad ar a suaimhnis agus áthas orthu ag teacht isteach ar scoil. B’fhéidir go mbeadh leanaí áirithe trína chéile dá mbeadh orthu dul isteach i seomra ina mbeadh chuile dhuine eile ag obair cheana féin. Má tá tú ag iarraidh labhairt leis an múinteoir iarrtar ort é seo a dhéanamh tar éis scoile nuair atá na páistí eile bailithe.

 

Má tá teachtaireacht agat don mhúinteoir ar maidin, is maith an rud é a chur i scríbhinn mar go mbíonn an múinteoir an -ghnóthach ag an am seo agus tá sé éasca dearmad a dhéanamh ar an rud a dúradh.

Corpoideachas

Is féidir leis na leanaí éide spóirt (dúghorm) a chaitheamh ar scoil lá atá corpoideachas ar siúl. Beidh bróga oiriúnacha ag teastáil chomh maith. Cuirfear nóta amach mar gheall ar an lá corpoideachas ag tús na bliana.
Tá sé tábhachtach go gcaitheann na leanaí bróga sabháilte, nach sleamhnaíonn, atá oiriúnach do chluichí agus do chorpoideachas gach lá den tseachtain.

Féilire na Scoile

Tabharfar féilire de na laetha saoire don scoilbhliain 2015 – 2016 do thuismitheoirí i Meán Fómhair. Cé go ndéanfaidh an scoil gach iarracht cloí leis an bhféilire seo chomh dlúth agus is féidir, b’fhéidir go mbeidh athraithe beaga ann i rith na scoilbliana. Má tá cuirfear scéal chuig na tuismitheoirí trí nóta a thabhairt do do leanbh chomh luath agus is féidir..

Éide Scoile

Is é polasaí na scoile go gcaitheann gach leanbh Éide Scoile.  Beidh an culaith go léir ar díol i ‘Malones’ nó Seán Connolly’s Cill Mhantáin is féidir na rudaí eile a fháil in aon siopa is mian leat. Caithfidh suaitheantas na scoile a bheith ar gheansaithe scoile amach anseo. Beidh paiste le suaitheantas na scoile ar díol i ‘Malones’. Ba cheart go mbeadh ainm do pháiste ar a chuid éadaí.

 

Seo a leanas an Éide Scoile:

Cailiní

  • Sciorta Filleadh beag
  • Geansaí dúghorm le muineál V nó cairdeagan
  • Léine bán
  • Carbhat glas
  • Bríste dúghorm
  • Stocaí dúghorma nó riteoga
  • Brógaí dubha nó dúghorma

Buachaillí

  • Bríste dúghorm
  • Bríste dúghorm
  • Geansaí dúghorm le muineál V
  • Léine bán
  • Carbhat glas
  • Stocaí dúghorma
  • Brógaí dubha nó dúghorma

Fógraí na Scoile

Seoltar na fógraí scoile go léir abhaile leis na leanaí. Moltar dá bhrí sin, go bhféachfaidh tú i mála scoile an linbh go rialta mar uaireannta déanann leanaí óga dearmad na litreacha seo a sheachadadh.
Is fiú chomh maith féachaint ar na fógraí a chuirtear suas ar chlár fhógra na scoile uaireannta.

Lón Scoile

Itheann na leanaí an lón sa seomra ranga faoi fhéitheoireacht na múinteoirí. Tabhair faoi deara go bhfuil polasaí ‘lón sláintiúil’ á chur chun cinn sa scoil againn, agus mar sin ní cheadaítear críospaí, deochanna coipiúla, milseáin 7rl.
Níl cead ag na leanaí buidéil déanta as gloine ná cannaí a thabhairt ar scoil mar tá siad dainséarach. Níl sé ceadaithe guma coganta a thabhairt ar scoil.

Nodanna chun cabhrú le do leanbh dul i dtaithí ar an scoil

  • Muna bhfuil tú in ann do leanbh a bhailiú ón scoil ná déan dearmad ainm an duine a bheidh ag teacht a insint don leanbh agus do mhúinteoir an linbh.
  • Moltar duit an craiceann a bhaint de oráistí roimh iad a chur isteach sa bhosca lóin.
  • Cabhraigh le do leanbh bheith neamhspleách, roghnaigh bróga, cótaí, 7rl., a mbeidh an leanbh in ann a oscailt agus a dhúnadh gan chabhair.
  • Cuir ainm an linbh ar a chuid éadaí le do thoil.
  • Ní mór don leanbh bheith in ann an leithreas a úsáid gan chabhair.
  • Ba cheart go mbeadh ainm, seoladh bhaile agus uimhir gutháin ar eolas ag do leanbh.
  • Má tá tú buartha mar gheall ar dul chun cinn soisialta nó acadúil an linbh téigh i dteangmháil leis an múinteoir gan mhoill.

An Ghaeilge

Tuigimid nach mbeidh mórán Gaeilge ag tromlach na leanaí nuair a thagann siad ar scoil.
Úsáidtear an mhodh ‘Tumadh Iomlán’ sa Ghaelscoil, sé sin cuirtear an Ghaeilge ós comhair na leanaí ar bhonn leanúnach i gnáthshuíomhanna praiticiúla feidhmiúla ionas go bhfaigheann siad tuiscint agus líofacht.
Is próiséis grádaithe é seo mar faigheann na leanaí tuiscint agus líofacht sa bhealach céanna ina bhfuair siad a gcéad theanga sa bhaile.

Leabhair Scoile

Ós rud é go bhfuil leabhair costasach, tá polasaí againn go mbíonn clúdach ar ghach leabhar agus ainm an linbh air.

An Ghaeilge sa scoil agus i gclós na scoile

Tá sé tábhachtach go ndéanann tuismitheoirí iarracht Gaeilge a labhairt sa scoil, leis na múinteoirí agus leis na leanaí. Tá sé tábhachtach freisin go ndéanann tuismitheoirí iarracht Gaeilge a labhairt leis na tuismitheoirí eile i gclós na scoile. Má chloiseann na leanaí chuile duine ag labhairt Gaeilge sa scoil déanfaidh siadsan iarracht níos fearr Gaeilge a labhairt freisin. Fiú muna bhfuil ach cúpla focal agat bain triall astu.

Conas is féidir leat cuidiú?

Is féidir leat:

  • Do leanbh a spreagadh chun úsáid a bhaint as aon fhocal/fhrása atá aige/aici.
  • Úsáid a bhaint as aon fhocal/fhrása atá agat féin ó am go ham, tá tionchar sontasach ag focal amháin fiú.
  • Thíos tá cúpla nascanna úsáideacha chun do chuid Gaeilge féin a feabhsú: