Ár Scoil

Is scoil lán-Ghaeilge, idirchreidmheach í an Ghaelscoil.

Tá se faoi phátrúnacht Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lánghaeilge Teo, arb í an Ghaeilge teanga cumarsáide agus gnó na scoile, an teanga teagaisc i ngach ábhar seachas Béarla, an teanga chaidrimh idir mhúinteoirí agus daltaí agus i measc na ndaltaí féin i gconaí sa scoil, sa chlós, ar an mbus agus i dtimpeallacht na scoile.

 

Fáiltíonn an Gaelscoil roimh dhaltaí de gach shainchreideamh agus neamhshainchreideamh cé go bhfeidhmíonn an Ghaelscoil faoi chomhspird Caitliceach/Protastúnach. Ciallaíonn sé go dtugtar an t-aitheantas céanna do na sainchreideamh sin.

Ba cheart go rachaidh a saol scoile i bhfeidhm go dearfach ar na daltaí le linn a dtréimhse sa Ghaelscoil, agus go mbeidh cuimhní deimhneacha acu ar a saol scoile amach anseo. Tá sé mar aidhm ag an nGaelscoil a bhfuil de mhaitheas i ngach páiste a chothú agus a thabhairt chun foirfeachta agus gach páiste a chur ar thóir na maitheasa sa saol atá thart orthu.

 

Samhlaímid go dtarlóidh sé sin in atmaisféar ina bhfuil cóimheas, áit ina mothaíonn gach ball de phobal na scoile sásta agus sábháilte agus iad ag obair faoi spiorad spreagúil agus meon díograis, agus ag an am céanna go naithnítear
agus go ndéantar éagsúlacht a chéiliúradh.

 

Samhlaímid sa Ghaelscoil foireann phroifisiúnta, comhoibritheach, díograiseach, spreagtha, atá oscailte i leith cur chuige agus smaointe nua agus samhlaímid scoil ina dtuigtear an luach a bhaineann leo agus a bhfuil meas orthu.

 

Samhlaímid tuismitheoirí tacathach, comhoibritheach leis an scoil, atá ceangailte le agus a bhfuil suim acu i bhfoghlaim a bpáistí.

 

Samhlaímid Bord Bainistíochta a thugann tacaíocht don scoil agus atá go maith ar an eolas maidir le hobair na scoile, atá oscailte agus díscréideach agus atá tuisceanach do riachtanais chomhaltaí foirne agus do riachtanais na bpháirtithe agus a spreagann go gníomhach forbairt phearsanta agus phroifisiúnta.