Ceol & Rince Gaelach na Scoile
Posted on
14th January 2023
in An Scoil
Tá teagaisc nua ceoil agus oiliúint chluas churtha i bhfeidhm sa scoil. Bíonn deis agus fáilte roimh gach páiste páirt a ghlacadh i gcór na scoile (rang 3-6) gach Céadaoin ó 13:30-14:00 le Múinteoir Alma. Bíonn deis agus fáilte roimh gach páiste ó rang 1-6 páirt a ghlacadh i mbanna ceoil na scoile gach Aoine ó 13:30-14:00. Má tá suim ag do pháiste uirlis ceoil a fhoghlaim tá Múinteoir Alma fíor shásta iad a mhúineadh. Ní chaithfidh cumas ceoil a bheith agat!
Bíonn Music Generation sa scoil ag múineadh ukulele.
Bíonn Múinteoir Orlagh, rinceoir Riverdance, ag muineadh rince gaelach i rith na bliana do gach rang. Cuireann ceol agus ár rince gaelach go mór le spiorad na scoile.