Cruinniú Bord Bainistíochta Méan Fómhair 2021

Cruinniú Bord Bainistíochta Méan Fómhair 2021

Fáilte Ar Ais:
Ba mhaith leis an mBord Bainistiochta gach duine a fháíltiú ar ais don scoilbhliain nua ach go h-áirithe na daltaí agus tuismitheoirí nua ar fad. Tá súil againn go mbeidh bliain maith ag gach éinne. Tá an vireas Covid-19 fós linn agus beidh na treoracha cosc ar Covid-19 fós i bhfeidhm sa scoil. Iarraimid ar gach éinne a bheith areach maidir le caitheamh meascanna, scaradh sóisialta agus glanadh lámha. Tá an Roinn Oideachais tar éís 7 monatóir aera a bhronnadh ar an scoil.

Gléasanna fótacóipeala:
Tá sé aontaithe ag an mBord dhá ghléas cóipéala nua a fáíl ar cíos ó IBM ceann daite nua agus ceann nua dubh agus bán le h-aghaidh thuas staighre.

An Chéad Chomaoineach agus an Coineartú:
Tá na dátaí nua don Chéad Chomaoineach agus an Coineartú eisithe ag Paróiste Chill Mhantáin anois. Beidh an Chéad Chomaoineach ar an Satharn 10ú Deireadh Fómhair agus 12 méanlae agus beidh an Coineartú ar Dheardaoin 28ú Deireadh Fómhair ag 4:00in.Guímid ádh mhór ar an daltaí agus foirne atá i gceist.