Cruinniú Bord Bainistíochta Deireadh Fómhair 2021

Cruinniú Bord Bainistíochta Deireadh Fómhair 2021

Cúram an fhoirgnimh Scoile Nua:
Phlé an Bhord Bainistiochta nithe éagsúla de churam an fhoirgneamh nua. Tosóidh obair ar an liosta snag bliana go luath agus tá cúpla rud beag tar éis teacht chun chinn. Beidh conradh nua le haontú maidir leis an alarm scoil, an ardaitheoir agus teasa scoile freisin.

Fadhb Múinteoirí Ionad a Fhail:
Phlé an bhord an fhadhb leantach le múinteoirí ionad a fháil. Beidh ar an phríomhoide tuairisc a thabhairt don bhord, ag gach chruinniú, ar asláithreachtaí múinteoirí agus an méid laethanta go raibh air seasamh isteach nó go raibh ar an bhfoireann Oideachais Spéisialta seasamh isteachde bharr easpa múínteoirí ionad a bheith ar fáil.

Ag Spreagadh an Ghaeilge sa Scoil:
Chomhghairdeas le gach éinne ar an scéim nua chun Ghaeilge labhartha a spreagadh i measc na dataí agus idir an scoil agus baile. Buíochas spéisialta do mhúinteoir Susan ata i mbun an t-eagrú.

Geataí Coisithe:
Tá iarratas cead pleanála curtha isteach ag an mBord Bainistíochta chuig Comhairle Contae Chill Mhantáin chun dhá gheata coisithe agus cosáin a chuir isteach. Ba chóir go dtogfaidh sé cúig go sé seachtaine cinneadh a fháil muna bhfuil aon chur i gccoinne.

Cigire Scoile Nua:
Is i Caitríona Ní Bhriain cigire nua na scoile.

Uaireanta Múinteaoireachta CLASS:
Tá an Roinn Oideachais tar éis breis uaireanta múinteoireachta a thahbairt do gach scoil sa tír, don bhliain seo amháin, bunaithe ar an méid daltaí cláraithe sa scoil. Is é CLASS (Scéim Foghlama aus tacaíochta) na h-uaireanta seo. Tá na h-uareanta breise seo chun cabhrú le daltaí a aithníonn an scoil, a bhfuil tar éis titim siar san oideachais de bharr an pandéim Covid-19. Tá 375 uair tugtha don Gaelscoil don scoilbhliain 2021/22. Déanfaidh an scoil ionadaí a fhostú chun na h-uaireanta seo a úsáid ón 11 Deireadh Fómhair.

Little Kickers;
Beidh Little Kickers ag tógaint halla na scoile ar cíos gach Satharn idir 10:00rn – 1:00in chun ranganna pele a chur ar fáil do naíonáin réamhscoile. Beidh na ranganna ag tosnú ar an Satharn 23ú Deireadh Fómhair.