Cruinniú BB Samhain 2020
Asláithreachhtaí Foirne i rith an Pandéim Covid-19:
Tá an Bord Bainistíochta agus foireann na scoile ag obair ar phlean a chur le chéile sa chás go mbíonn slua den fhoireann as láthair ar aon lá amháin nó gur gá don scoil dúnadh nó gur gá rang a chuir abhaile de bharr chás Covid-19. Tá easpa ionadaithe le roinnt blianta anuas ach le Covid-19 ní féidir ranganna a roinnt suas i measc na ranganna eile anois. Is é aidhm an plean seo ná go laghdófaí ar na h-ócáidí gur gá ranganna a chur abhaile.
Cruinniú idirscoile:
Bhí cruinniú ag an gcathaoirleach agus an príomhoide ar zoom le cathaoirleach agus príomhoide Scoil Naomh Coiméigéin chun comhoibriú ar an gcampas a phlé. Bhí cruinniú maith againn agus socraíodh go mbeadh cruinniú uair sa téarma againn.Beidh na geataí isteach sa champas ar oscailt an t-am ar fad anois agus beidh an Ghaelscoil ag roinnt na costaisí soilse leictreachas ar bhóthar an champas.
Tuairisc Bhliaintúil:
Tá an tuairisc bhliaintiúil réidh anois agus beidh sé á scaipeadh amach chuig pobal na scoile ar Aladdin. Beidh sé le fáil ar an suíomh idirlín scoile freisin.
Cártaí Nollaig:
Tá Cártaí Nollaig deartha ag daltaí na scoile agus beidh siad ar fáil tríd na scoile. Is feidir iad a ordú tríd Aladdin. Beidh an féilire scoile ar fáil freisin go luath i mí Eanáir. Buíochas mór le Liz Drummond as é seo a eagrú dúinn.
Traenláil Caomhnú Páistí:
Tá an Bhord Bainistíochta ag féachaint ar traenáil caomhnú páisti a fháil tríd CAAP níos déanaí sa bhliain.