Cruinniú BB Eanáir 2021
Covid-19 agus an díonghlasáil:
Tá an scoil dúnta arís ar feadh cúpla seachtain de bharr Covid-19. Tá plean curtha i bhfeidhm chun tacú leis an daltaí sa bhaile.Tacaíonn an bhord leis an bplean sin atá curtha i bhfeidhm ag an bhfoirea. Beidh obair laethiúil ag dul amach ar Aladdin agus seisiúin laethiúil ranga ar Webex. Fógra curtha amach ag tuismitheoirí. Tá súil againn nach mbeidh an díonghlasáil seo chomh fada leis an gceann deireanach.
Post P.C.2:
Ghabhann an bhord buíochas le gach múinteoir a chur isteach ar an bpost. Bhí an caighdéan an-ardar fad. Tá moladh déanta ag an mbord agallamh atá glactha ag an mbord bainistíochta. Gabhaimid comhghairdeas le Fiona Ní Shúilleabháin a gnóthaigh an post.
Pollaí Cispheile:
Tá an bhord ag ceannach pollaí cispheile don dá chúirt cispheile.
Traenáil don bhord bainistíochta:
Beidh an bhord bainistíochta ag déanamh traenáil ar na dualgaisí agus oibleagáidí dleathiúil atá le comhlíonadh acu ar líne leis an bpátrún An Foras Pátrúnachta