Cruinniú BB Meitheamh 2020
Laethanta Saoire an Samhraidh:
Agus muid ag druidim i dtreo deireadh bliain eisceachtúil, ba mhaith leis an mbord bainistíochta ár mbeannachtaí a ghuí ar gach duine don samhraidh agus tá súil againn go bhfanann gach duine slán agus sábhailte. Ba mhaith leis an mbord a muíochas a ghabháil, ach go háirithe le foireann na scoile as ucht an méid atá déanta acu, faoi coinníollacha tharr a bheith deacair i mbliana, agus tá súil againn go bhfaigheann sibh briseadh maith. Tá samhraidh maith toillte ag daltai na scoile chomh maith mar go raibh an trí mhí deireanach an-dian orthu. Tosnaíonn an eagrú anois le haghaidh athoscailt na scoile agus táimid ag tnúth le sibh ar fad a fheiceáil arís i Méan Fómhair.
Athoscailt na Scoile:
Beidh treorlínte á eisiúint ag an Roinn Oideachais agus Scíleanna go luath. Beidh Plean Freagartha Covid-19 le cur le chéile agus an scoil ansin ionas go mbeidh an scoil in ann oscailt go sábhailte i Méan Fómhair.
Costaisí Scoile 2020/21:
Phlé an bhord féidireachtaí costaisí scoile a íslú do thuismitheoirí don bhliain seo chugainn.Rinne an phríomhoide costasú ar seo agus shocraigh an bhord ar:
1) Na Leabhair Mata a cheannach do gach rang. Beidh na leabhair do ranganna 3 – 6 mar chuid den scéim leabhair as seo amach.
2)Na cóipleabhair agus filtéain ar fad a cheannach
3) Costaisí acmhainní a íslú go dtí €50 do ranganna 1 – 6
4) An costas Dialann Scoile a bhaint den liosta leabhair
Buiséad Scoile 2020/21:
Tá an bord bainistiochta ag obair ar bhuiséad a chur le chéile don scoilbhliain seo chugainn, ag tógaint an foirgneamh nua agus costaisí Covid-19 san áireamh.
An Scoil Buan:
Tá tógalaithe Mythen ar ais ar an suíomh agus tá súil acu go mbeidh an scoil réidh thart ar lár mí Lúnasa.