Cruinniú BB Méan Fómhair 2020
Fáilte ar ais!
Cuireann bord bainistiocha na Gaelscoile fáilte ar ais roimh gach éinne. Tá sé iontach go bhfuil daltaí na scole ar ais ag freastal ar an seomra ranga.Tá súil againn go mbeidh bliain iontach ag gach éinne agus go h-áirithe leis an scoil nua ag teacht ar an bhfód go luath.
Naíonáin Shóisir:
Fáiltímid ach go háirithe leis an naíonáín nua a thosaigh sa scoil le deanaí. Tá súil againn go gcaiithfidh siad ocht mbliana taithneamh agus torthúil linn sa ghaelscoil.
An Scoil Nua:
Bhí an-díomá orainn nuair a bhfuaireamar scéal ón Roinn Oideachais ar an gCéadaoin 26ú go mbeadh moill beag ar an scoil nua a bheith réidh de bharr na droch h-aimsire le deanaí. Phlé an bhord na h-impleachtaí agus dúshlán ann don scoil, don bhord agus don fhoireann. Bhí plean nua Covid-19 le chur le chéile in oiriúint don Abbey agus bhí orainn an bogadh a chuir ar cheall. Beidh costaisí breise ar an mbord dá bharr sin.