Cruinniú BB Iúil 2020

Cruinniú BB Iúil 2020

An Polasaí Iontrála:
Tháinig an polasaí Iontrála ar ais ón bhForas Pátrúnachta faofa. Tá siad sasta leis agus beidh sé áchur ar an suíomh idirlín scoile agus ag teacht i bhfeidhm don scoilbhliain 2020/21.

Athoscailt na scoile:
Tá an fhoireann ag obair ar phlean athoscailte. Chuir Seán agus Nora dreachtphlean ós chomhair an bhord.

Gradam Rang a 6:
Bhí gradam ar líne againn do Rang 6 don chéad uair i mbliana de bharr Covid-19. Labhair an priomhoide leis an rang agus taispéanfadh fís a bhí déanta ag na daltaí i Rang 6 le fógraí óna múinteoirí freisin agus curtha le chéile ag múinteoir Niall agus Una Spilane (tuismitheoir). Bhí an fhís ar fheabhas aus ta buíochas mór a dul do mhúinteoir Niall agus d’Úna Spillane as ucht an rud ar fad a chuir le cheile. Beidh Gradam fisiciúil againn amach anseo. Rinne Rang a 6 capsúl ama le chéíle freisin a chuirfear sa scoil nua.

An Scoil Nua:
Is é an dáta atá tugtha chun eochracha an scoil nua a fháil ná an 28ú Lúnasa. Bhí an fhoireann isteach ag glanadh amach a seomraí a ullmhú do bhogadh i rith na laethana saoire. Ghabhann an bhord buíochas mór leo as ucht gah rud atá deánta acu i rith na bliana agus go h-áirithe anois i rith na laethanta saoire.