Cruinniú BB Deireadh Fómhair 2020
An Scoil Nua:
D’oscail an scoil nua ar an 15u Deireadh Fómhair. Tá áthas ar gach duine a bheith istigh ann; ag sochrú isteach go maith agus ag dul i dtaithí ar na córais nua. Seolfadh fís den scoil nua amach ag pobal na scoile agus tá sé ar fail ar an suíomh idirlín freisin. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Victor Lambert as ucht seo a eagrú dúinn.
Cláracha Iirgníomhach:
Cheannaigh an bhord 5 clár idirgníomhach nua agus tá clár anois i ngach seomra ranga agus sna trí seomraí Oideachais Speisialta.
An Polasaí Iontrála:
Tá an Polasaí Iontrála nua i bhfeidhm anois don scoil bhliain seo. Tá cóip de ar fáil ar an suíomh idiirlín scoile. Mar chuid den pholasaí nua caithfear ráiteas iontrála a bheith ag gach scoil. Chuir an bhord banistíochta an ráiteas le chéile don scoilbhliain seo ag an gcruinniú agus beidh se ar fáil freisin ar an suíomh idirlín. Tá sé socraithe ag an mbord tosnú ag glacadh le h-iarrataisí clárúcháin ar an Luan 16ú Samhain go dtí an Aoine 4ú Nollaig i mbliana. Tósófar ag ofráil áiteanna ar an Luan 7ú Nollaig.