An Scoil Nua!

An Scoil Nua!

Is mór an chúis áthais é dúinn a bheith istigh inár scoil nua anois. Ba bhóthair an fhada a bhí ann ó buníodh an scoil i 1996 ach tá an ceann scríbe sroichte againn faoi dheireadh. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach duine a bhí ag obair i dtreo foirgneamh nua a fháíl don Ghaelscoil tharr na blianta agus tá an fhoirgneamh nua seo mar thoradh ar a n-iarrachtaí ar fad. Tá ár scoil nua go hálainn agus táimid ar fad an bhródúil as agus muid anois ag sochrú isteach go lúcháireach inár dtimpeallacht nua. Is trua gur tháinig an scoil nua seo le linn an Pandéim Covid-19 agus nach féidir linn éinne a scaoileadh isteach chun an scoil nua álainn seo a fheicéail, ach tá fís tógtha againn (buíochas le Victor Lambert) don scoil agus is féidir an nasc thíos a úsáid leis an scoil a fheiceáil.