Cruinniú BB Feabhra 2020
Polasaí Clarúchán:
Tá riallacha nua maidir le clárúchán ina dlí anois agus tá trí mhí ag gach bord bainistíochta athbhreithniú a dhéanamh ar a bpolasaí clárúcháin. Tá an bord bainistíochta anois ag tosnú ar an athbhreithniú sin.
An Tumoideachais:
Tá athbhreithniú á dheanamh ar an bpolasaí tumoideachais. Faoi láthair ní dheantar aon Bhearla don chéad téarma sna naíonáin shóisear agus ní thosaítear ar leitheoireach Béarla go dtí an dara téarma sna naíonáin shinsir. Beidh an foireann ag plé fiuntas an treimhse tumoideachas a leithniú go dtí an dara téarma sna naíonáin shinsir ina iomlána agus gan aon bhearla in aon chur a dheanamh go dtí sin. Tiocfaidh moladh na múinteoirí ar ais go dtí an bhord ag an gcéad chruinniú eile.
Cuntaisí Scoile:
Tá na cúntaisí réidh ag cuntasóir na scoile. Phlé an bhord iad agus tá an bhord sásta iad a shíniú agus a sheoladh ar aghaidh ag an bPátrún agus an FSSU.
Gníomhachtaí Scoile:
Gnóthaigh foireann sinsireach na scoile an dara h-áit i gcómórtas Tráth na gCeist agus d’éirigh go h-an mhaith freisin leis an bhfoireann sóisireach.Maith Sibh!
Beidh an scoil ag glacadh páirt i léig sacair nua idir scoileanna sa chontae.
Tá daltaí na scoile ag déanamh dúshlán aon mhíle faoi láthair agus iad ar fad an rith timpeall na scoile gach lá
Ghlac an scoil páirt i rásanna trasna tíre in Avondale ar an Luan 10ú Feabhra.Bhí múinteoirí Anne agus Helena ina mbun. Bhuaigh daltaí na scoile 14 bonn sna rásanna agus gnóthaigh siad an chéad, dara agus triú háiteanna i roinnt rásanna. Maith sibh uilig!
Tá na h-ard ranganna 4-6 ag déanamh an JEP sa scoil faoi láthair. Caithfidh siad smaoineamh ar bhealach le airgead a thuilleamh agus gnó beag a dhéanamh as.
Bhí toghchán ag Rang 6 ar an Aoine 7ú Feabhra. Bhunaigh siad páirtithe agus scriobh siad a manifesto. Rinne siad bolscaireacht dá bpáirtí trí labhairt leis na ranganna eile agus trí póstaerí a dhéanamh agus á chrochadh timpeall na scoile. Rinne gach duine an vótáil ar an Aoine. Bhuaigh an Páirtí Bán Dearg.
Tá traenáil tosnaithe taréis am scoile d’fhoireann sacair agus peile gaelach na scoile.
Tá múinteoir Anna ag cur isteach ar scoileanna cruthaíoch. Is féidir suas le €4000 a fhail don scoil chun rud ealaíonta, drámaíochta, ceolmhar a dhéanamh le dhaltaí na scoile.
Tá Aladdin Connect faighte ag an scoil agus é réidh le dul beo. Tá litir imithe amach chuig tuismitheoirí ag fógrú é agus ar iarradh orthu a chinntiú go bhfuil na sonraithe ceart ag an scoil. Beidh cuireadh á dtabhairt dóibh ansin chun an App a íoslódáil.