Cruinniú BB Eanáir 2020
Chuir an Cathaoirleach fáilte ar ais roimh gach éinne ar an mbord agus roimh pobal na scoile agus ghuí sí athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise ar gach éinne.
Polasaí Clárúcháin:
Rinne an bhord athbhreithniú ar an bpolasaí clárúcháin ag an gcruinniú. Beidh ofrálacha áiteanna do dhaltaí nua ag dul amach roimh an bhriseadh méan téarma.
Alladin Connect:
Tá sé beartaithe ag an bhord an pácáiste Aladdin Connect a fháil don scoil chun cumarsáide le tuismitheoirí a éascú. Beidh nótaí, fógraí agus eolas imeachtaí scoile ag dul amach chuig tuismitheoirí tríd Aladdin Connect. Beidh ar gach tuismitheoir síniú suas le Aladdin Connect tríd an App a íoslódáil ar an fón póca (saor in aisce). Beidh litir ag dul amach chuig tuismitheoirí faoi go luath. Beidh ar thuismitheoirí ansin na sonraithe ríomhphost agus uimhreacha fón a chinntiú leis an scoil. Béidh na nótaí páipéar fós ag dul abhaile le daltaí i mbliana go dtí go socraíonn an chóras nua isteach ach is é an aidhm le Aladdin Connect ná gearradh siar a dhéanamh ar na nótái sna málaí.
Siceolaí Nua:
Tá siceolaí oideachaisiúil nua ainmnithe ag NEPS le bheith ag obair leis an scoil agus beidh sí ag tosnú go luath.
Dalta Rang a 6 ag Dreapadh Sliabhraon Tukal sa Mharoc:
Chuaigh Charlie Ó Maoláin, dalta i Rang a 6 ag dreapadh sliabhraon Tukal sa Mharoc i rith an bhriseadh Méan Téarma lena chlann. Bhailligh sé €914 agus é a dhéanamh chun fearas spóirt a cheannach don scoil. Táimid an bhródúil agus an bhuíoch do Charlie as an éacht a rinne sé go pearsanta agus as an t-airgead ar fad a bhailligh ar son na scoile. Maith thú Charlie!!
An Curaclam Teanga Nua:
Beidh dhá leath lá traenála le tógaint ag an bhfoireann scoile mar chuid den traenáil iomlán don churaclam teanga nua.Beidh an scoil ag dúnadh le h-aghaidh leath lá ar an Luan 16ú Márta ag 11.30rn. Ta an dara dáta fós le sochrú.
Ceadúnas MPC:
Tá an bhord tar éis an ceadúnas MPC a fháil don scoil, rud a cheadaíonn do scoil scannán agus cláracha teilifíse a thaispeáint.
Gnómhachtaí Scoile:
Beidh an scoil ag glacadh páirt sa scéim STEM arís i mbliaina. Bhí lá oscailte eolaíochta ag an scoil i mí na Samhna agus bhí sé ar fheabhas. Chuir gach duine a lán iarracht isteach ann agus bhí na taispéantaisí ar fad ar fheabhas.
Tá daltaí Rang 4/5, 5 agus 6 ag glacadh páirt sa scéim Gnó-Eagraí Óg i mbliana. Go n-éirí leo leis an smaointe agus an tionscail.
Peil agus Sacair: Beidh an scoil ag glacadh páirt i gcomórtaisí peile agus sacair arís i mbliana. Traenáil le tosnú go luath.
Comórtas Tráth na gCeist an Comhair creidmheasa: Ádh mór leis an bhfoireann sóisearach agus sinsireach a bheidh ag glacadh páírt sa chómórtas Tráth na gCeist ag deireadh na míosa.
An Scoil Buan:
Tá an díon ar an bhfoirgneamh anois agus tá na fuinneoga curtha isteach. Tá taispéantas pleananna ar chrochadh sa chúl fhoirgneamh, chomh maith le griangrafanna don tógail.