Cruinniú BB Aibreán 2020
Dúnadh síos Covid-19 agus an scoil ag dul ar líne:
Tá súil againn go bhfuil gach duine go maith agus ag coiméad féin slán sábhailte le linn an dúnadh síos aus an pandéim Covid-19. Cé nach bhfuilfimd ar láthair na scoil beidh obair na scoile fós ag dul ar aghaidh. Sa sli sin níl an scoile dúnta ach bogtha go baile. Beidh na múinteoir ag cur obair abhaile ar Aladdin Connect go laethúil agus ag coiméad i dteagmháil leis na daltaí tríd Aladdin connect agus Webex. Beidh cruinnnithe agus pleanáil fós ar siúl ag an bhfoireann lena chéile tríd cruinnithe a reachtáil ar Webex agus beidh na cruinnithe bord bainistiochta á reachtáil ar Webex go míosúil chomh maith. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis an bhfoireann uilig agus daltaí agus tuismitheoirí na scoile as ucht an obair agus iarracht ar fad atá déanta le linn an ama deacair, buarthach seeo .
Polasaí Iontrála:
De réir an tAcht Oideachais (ligeann isteach i scoileanna) 2018 caithfidh scoileanna polasaí agus ráiteas iontrála scoile a chuir i gló don scoilbhliain 2020/21.Ciallaionn se seo go gcaithfidh an bord bainistíochta athbhreithniú a dhéanamh ar an bpolasaí atá againn chun a chinntiú go gcloíann sé leis na treorlínte nua. Caithfear é a sheoladh ansin chuig an bPatrun le faofú a fháil ar. Tá an bord bainistiochta ag tosnú ar an bproiséis sin anois. nuair atá gach rud déanta cuirfear suas ar an suíomh idirlín é.
An Scoil Buan:
Tá rudaí dúnta síos anois ar an suíomh de bharr Covid-19 agus níl aon tógáil ar siúil. Cuirfidh se seo beagáinín moill ar gach rud ach tá obair eile fós á dheanamh sa chúlra ar rudai ar nós an comharthaí aus ar uile.
Múinteoir Michelle:
Fágfaid slán le muinteoir Michelle tar éis nach mhór 20 bliain ag múineadh linn sa scoil. Gabhaimíd buíochas lei as ucht gach rud a rinne sí ar son an scoile agus daltai na scoile le linn a chuid ama linn agus guímid gach rath uirthi agus í ag tosnú ina post nua mar phríomhoide.