Cruinniú Bord Bainistíochta 22/10/19
Cruinniú Bord Bainistíochta 22/10/2019
Bord Bainistíochta:
Beidh an bord bainistíochta nua ag teacht i bhfeidhm i mí na Nollag agus beidh sé i bhfeidhm suas go dtí 2023. Tá baill nua á toghadh don bhord faoi láthair. Is obair rí-thábhachtach é a dheanann an bord bainistíochta agus gabhaimíd buíochas le gach baill a shuí ar an mbord le linn na ceithre bhliana deireanacha as ucht a gcuid oibre agus gealltanas don scoil. Tá súil againn go mbeidh an t-ochtar baill nua roghnaithe go luath agus guímíd gach rath ar obair an bhoird nua.
Fadhbanna Uisce:
Tá an bhord fós i dteagmháil leis an KWETB agus leis an bhForas Pátrúnachta maidir le fadhbanna silleadh uisce leantach ar an láthair. Beidh oibreacha deisiúchán le déanamh ar na sean píopaí amach anseo.
Cruinniú Chinn Bhliana:
Beidh an chruinniú Chinn Bhliana Cumann na dTuismitheoirí ar an gCéadaoin 6ú Samhain ag tosnú ag 7.30in. Cuirfidh cathaoirleach an Bhord Bainistíochta agus Príomhoide na scoile an tuairisc bhliantúil i láthair ag an gcruinniú. Bhí na baill boird ag obair ar an dtuairisc le déanaí. Roghnófar ainmnithe Tuismitheorí (athair agus máthair)ag an gcruinniú, chomh maith le Coiste na dTuismitheoirí nua. Tá fáilte roimh gach tuismitheoir teach ag an gcruinniú.