Cruinniú BB Méan Fómhair 2018
Scoil Buan:
Tá próiséis na dtairscintí críochnaithe anois agus tá comhlacht roghnaithe chun an scoil nua a thógáil. Caithfidh an Roinn Oideachais glacadh leis an gcinneadh anois agus an litir ofrála a chur amach. Tá súil ag an bhfoireann deartha go mbeidh tú curtha leis an dtógáil i nDeireadh Fómhair.
Fáilte ar ais:
Ba mhaith le Bord Bainistíochta na scoile fáilte ar ais ar scoil a chur roimh fhoireann agus daltaí na scoile agus tá súil againn go mbeidh bliain maith torthúil ag gach éinne. Ba mhaith linn, ach go háirithe, fáilte a chur roimh na daltaí nua ar fad , chomh maith lena dtúismitheoirí, go dtí pobal na scoile.
Teas na scoile:
Mar is eol díobh tá fadhb leis an gcóras teasa sa scoil. De bharr silleadh áit éigin faoin bhfoirgneamh tosaigh bhí orainn an foirgneamh sin a bhaint den chóras agus na ranganna a bhogadh go dtí an bhfoirgneamh chúl. Tá an KWETB tar éis cead a fháil anois ón Roinn Oideachais é a dheisiú. Caithfear dul tríd próiséis na dtairiscintí sula mbeidh aon deisiúchán tosnaithe.
Ball Bord:
Sheas Seadna Mac Seoin, duine de ainmnithe an Phátrún,síos ón mbord bainistíochta, le deanaí. Ba mhaith linn, mar bhord, ár mbuíochas ó chroí a ghabhail le Seadna as ucht an obair ar fad a rinne sé mar bhall den bhoard bainistíochta agus guímíd gach rath ar sa todhchaí. Tá Seadna tar éis a lán tacaíocht a thabhairt don scoil agus don Ghaeilge le linn a chuid ama ar an mbord bainistíochta agus táimid ar fad an bhuíoch dó.Roghnóidh an Phátrún ainmní eile ina áit.