Cruinniú BB 24/04/18
Scoil Buan:
Tá litir tagtha ón Roinn Oideachas ag cuirimid go h-oifigiúil ar aghaidh go dtí stad 3 den phróiséis. Tá an géarrliostú do na tairiscintí tógála déanta anois. Tógfaidh an stad seo den phróiséis muid go dtí an samhraidh agus beidh comhlacht tógála roghnaithe ansin.
Buíochas don Fhoireann:
Agus muid ag druidim i dtreo deireadh na scoilbhliana ba mhaith leis an mBord Bainistíochta a mbuíochas a ghabhail le foireann na scoile as ucht na h-oibre ar fad atá déanta agus á dhéanamh acu ar son daltaí na scoile.
Coineartú agus Céad Chomaoineach:
Comhghairdeachas le Rang a 6 as ucht a gCoineartú a dhéanamh ar an 19ú Aibreán.Bhí lá álainn acu. Buíochas le múínteoir Aaron as iad a h-ullmhú, le múínteoir Fiona agus an chóir as ucht an gceol álainn sa séipéal, le Gearóidín agus Geraldine agus a dtacaíocht agus an tAthair Dónal as ucht seirbhís álainn. Gabhaimid buíochas freisin le Coiste na dTuismitheoirí agus na tuismitheoirí ar fad a chabhraigh leis an fáiltiú ar ais sa scoil.
Guímid ádh mhór ar Rang a 2 a bheidh ag déanamh an gCéad Chomaoineach ar an Domhnach 29ú Aibreán.
Seachtain Gnaíomhaíochta:
Comhghaideachas le múinteoir Helena agus an gCoiste a d-eagraigh an seachtain ghníomhaíochta sa scoil. Bhí a lán obair curtha isteach ann ach bhain na daltaí an sult as na gnaíomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh. Bhí sé mar sprioc againn ag tús na seachtaine 1,000,000 coischéim a bheith déanta ach sa deireadh d’éirigh linn 3,040,620 a bhaint amach. Buíochas do na tuismitheoirí ar fad a tháinig chun cabhrú i rith na seachtaine
Coiste na dTuismitheoirí:
D’éirigh le Coiste na dTuismitheoirí €801.91 a bhailiú ag an mBag Pack deireanach i Supervalu. Bhí lá iontach tóraíocht uibheacha eagraithe ar láthair an Mhainistir i gCill Mhantáin díreach roimh na Cásca. Bhí slua maith ann agus bhain daltaí na scoile an taitneamh as. Buíochas mór don obair ar fad a dheanann siad ar son an scoile.