Cruinniú Bord Bainistíochta Márta 2018

Cruinniú Bord Bainistíochta Márta 2018

Tá an plean Druil Dóiteán athraithe ag an scoil de bharr na hathraithe a raibh gá le déanamh do na ranganna de bharr na fadhbanna teasa.
Tá nósanna imeachta nua caomhnú páístí tagtha isteach sa dlí ón 11ú Márta 2018 agus tá an Bord Bainistíochta tar éís glacadh leo ina n-iomlána. Tá cóip de na nósanna ar chrochadh taobh amuigh d’oifig an Phríómhoide agus beidh cóip le fáil ar shuíomh idirlíne na scoile freisin. Beidh lá traenála foirne ar na nósanna imeachta nua ar an Aoine 16ú Márta agus beidh an scoil dúnta ar an lá sin.Beidh lá traenála don Phríomhoide agus Leas Phríomhoide ar na nósanna nua níos deireannaí sa bhliain. Beidh baill boird ag freastal ar seimineár oíche ar na nósanna freisin.
Beidh an Bord Bainistíochta ag fáil traenáil, freisin, ar earcaíócht agus ar na rialacha ginearálta cosaint sonraí.
Comhghairdeachas le Rang a 2 a rinne a gCéad Comaoineach agus ba mhaith leis an mBord a mbuíochas a ghabhaíl leis na múínteoirí agus baill foirne eile a chahbraigh leis an daltaí a h-ullmhú don ócáid. Ba mhaith linn, freisin, ár mbuíochas a ghabhaíl le Gearóidín as ucht a cabharach agus tacaíochta ar fad a thugann sí don scoil.
Beidh aifreann trí Ghaeilge, mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, ar siúl sa séipéal sa Chlochar ar an Luan 12ú Marta ag tosnú ag 11:30rn. Ta fáilte roimh cách.
Tá Cainteoirí Gaeilge ag eagrú maidin caife trí Ghaeilge sa chlub galf i gCill Mhantáín ar an Satharn 10ú Márta. Tá fáilte roimh cách teacht agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh.