Cruinniú Bord Bainistíochta 07/11/17

Cruinniú Bord Bainistíochta 07/11/17

Scoil Nua: Tá na pleananna don scoil nua ag brú ar aghaidh agus tá an fhoireann dheartha ag obair ar stád a 3 den phróiséis.Thug an chathaoirleach agus an phríomhoide cuairt ar Ghaelscoil Portlaoise, scoil a bhfuil ar champas oideachais le dhá scoil eile, chun  abhair reachtáil campas oideachais a phlé. Fuaireamar turas na scoile freisin, foirgneamh cosúil leis an scoil nua a bheas againn, agus chonaiceamar na páistí ar fad agus iad ag spraoi ar an gclós ag am lón. Tá níos mó daltaí ag an scoil sin agus bhraiteann siad go bhfuil go leor spás do na páistí go léír le bheith ag rith agus ag spraoi.
Tá Coiste na dTuismitheoirí tar éis seic €13,053.71 a thabhairt don bhord as an t-airgead a bailíodh anuraidh chun iocadh as an sraith leabhair Ghaeilge agus leabhair bhreise don scéim cíos leabhair a ceannaíodh i rith an tsamhraidh. Arís gabhaimid buíóchas leo as ucht a n-iarrachtai ar son daltaí na scoile.
Ba mhaith leis an mBord bainistíochta comhghairdeas a ghabháil leis na buachaillí agus cailíní ar fad a ghlac páirt i mbliotsanna peile, iománaíóchta agus camógaíochta le déanaí. Rinne gach fhoireann go h-iontach agus leanann siad ar aghaidh a bheith ina n-ambasadóirí iontach don scoil.
Tá an scoil ag déanamh iniúchadh de na leabhair atá sa leabharlann agus ag féachaint ar chóras ceart leabharlainne a thosnú. Tá an obair seo faoi stiúir múinteoir Nora agus gabhaimíd buióchas lei as é seo a dhéanamh. Má ta aon leabhair i gcruth maith sa bhaile agus atá tuismitheoirí ag smaoineamh ar athchúrsáil bheadh sé go hiontach dá mbeadh siad bronnta ar an scoil.
Beidh an club iarscoile “Ray of Sunshine” ag tosnú sa scoil i mí Eanáir.
Briseadh cúíg fhuinneag sa scoil le linn stoirm Ophelia.