Cruinniú Bord Bainistíochta Meitheamh 2017
Ba mhaith leis an mBord Bainistíochta a mbuíochas a ghabháil leis an bhfoireann scoile ar fad as ucht na h-0ibre ar fad a rinneadar ar son daltaí na scoile i rith na bliana. Bhí an t-uafás gníomhachtaí eagraithe ag an bhfoireann scoile i rith na bliana.
Ba mhaith leis an mBord bainistíochta a gcomhghairdeas a ghabháíl le rang a 6 agus iad ag fágaíl slán leis an scoil. Sár dhaltaí a bhí iontu agus guímid gach rath orthu agus iad ag tosnú sa mhéanscoil an bhliain seo chugainn. Beidh lá speisialta Bronnadh na nGradam againn do Rang a 6 ar an gCéadaoin 28ú.
Bhí an Lá Spórt againn ar an Aoine 16ú Meitheamh. Ba lá iontach ar fad a bhí ann agus ó thaobh na h-aimsire de fiú bhí sé go h-álainn.Buíochas mór le gach tuismitheoir, seantuismitheoir agus iardhalta a tháinig chun tacú agus cabhrú ar an lá. Buíochas mór freisin le múínteoir Susan agus an gCoiste Spórt as an lá a eagrú dúinn agus comhghairdeas le gach duine a ghlac páírt ann.
Ba mhaith leimBord Bainistíochta a mbuíochas a ghabháil le Coiste na dTuismitheoirí as an obair iontach a rinneadar i rith na bliana ag bailiú airgid agus ag eagrú laethanta sóisialta do phobal na scoile.
Tá súil againn go mbeidh samhraidh agus sos álainn ag gach éinne.