Cruinniú Bord Bainistíochta Méan Fómhair 2017
Ba mhaith le Bord Bainistíochta failte a chur roimh gach éinne ar ais ar scoil tar éis laethanta saoire an t-samhraidh. Ba mhaith linn ach go háirithe fáilte a chur roimh dhaltaí nua na naíonáin shóisir. Ba mhaith linn freisin fáilte a chur roimh an bhfoireann nua freisin – muinteoirí Alma, Amy agus Anna, SNA Joan agus glantóir Tracey. Tá súil againn go mbainfidh siad ar fad taitneamh as a bheith sa Ghaelscoil.
Bhí an-bhrón orainn slán a fhágáíl le múinteoirí Helen agus Aislinn, gabhaimíd buíochas leo as ucht na h-oibre a rinneadar fhad is a bhíodar ag obair linn sa Ghaelscoil agus guímíd gach rath orthu ina bpostanna nua.
Tá na sraitheanna nua leabhair Gaeilge agus na leabhair bhreise mar chuid den Scéim Chíos Leabhair tagtha anois. Beidh an leabhair seo á dtabhairt do na páistí ar cíos i rith na bliana. Bhí costas €13,053.71 ar iad a cheannach.
Tá sé sochraithe ag an mbord dhá fochoiste den bhord a bhunú – Fochoiste Bailiú Airgead agus Fochoiste Scéim Chíos Leabhair. Beidh an dá fochoiste seo ag cruinniú le chéile cúpla uair i rith na bliana agus ag féachaint ar phríarachtaí agus chleachtas scoile i leith an dá fochoiste.