Cruinniú Bord Bainistíochta Bealtaine 2017

Cruinniú Bord Bainistíochta Bealtaine 2017

Chomhghairdeas leis an scoil as ucht an méid is mó airgid sa tír a bhailiú d’Amnesty tríd na braísléidí cáirdeas a cheannach. Bhailigh an scoil €990 agus tá an CEO d’Amnesty Colm O’ Gorman ag teacht chuig na scoile Dé Luan 26ú Meitheamh chun duais a bhronnadh orainn.
Ba mhaith leis an mBord Bainistaíochta a mbuíóchas a ghabháil leis an bhfoireann uilig as ucht a gcuid oibre i rith na bliana agus na gaiscí ar fad a rinneadar ar son na scoile mar shampla sa drámaíócht, Tráth na gCeist, Cispheil, Peil Gaelach, Iománaíocht,sacar, Scríóbh Leabhair, Amnesty agus lúchleasaíochta.
Beidh an lá spóirt ar an 16ú Meitheamh agus tá fáilte roimh cách. Buíochas do mhúínteoir Susan agus an gCoiste Spóirt as ucht é a h-eagrú dúinn.
Beidh Lá Oscailte ag an scoil ar an Satharn 24ú Meitheamh idir 2in – 4.30in.Tá fáilte roimh cách teacht ar an lá agus tá a lán gníomhaíochtaí deasa eagraithe don lá. Cuirfear fáilte roimh na naíónáín nua a bhéas ag tosnú sa scoil Méan Fómhair seo chugainn idir 1in – 2in ar an lá freisin. Tá búíochas mór ag dul do Choiste na dTuismitheoirí as an lá seo a h-eagrú dúinn.