Cruinniú Bord Bainistíochta Márta 2017

Cruinniú Bord Bainistíochta Márta 2017

Ba mhaith leis an mBord Bainistíochta comhghairdeas a ghabháíl le múínteoirí Aislinn, Aaron agus Rang a Sé as an gceoldráma iontach “Mathilda The Musical in 20 minutes” a chuireadar ar siúl dúínn agus as ucht a bheith ainmnithe ar an ngearrliosta scoileanna sa chómórtas Amharclann Bord Gáis sa chatagóir don chóragrafaíocht is fearr. Guímíd ádh mór orthu ar an 17ú Bealtaine.
Ba mhaith linn freisin ár mbuiochas a ghabháíl le múinteoirí Aaron agus Fiona don obair ar fad atá siad ag déanamh ag traenáíl na daltaí sa pheil agus an iománaíocht agus an gaisce atá siad ag déanamh ar son na scoile sna bliotsanna ar fad.
Comhghairdeas le Rang a 6 as ucht a gCoineartú a dheanamh ar an 28ú Márta. Ba lá iontach agus searmanas álainn a bhí ann. Buíóchas le Fiona ar son na córach a h-ullmhú don Choineartú. Buíochas speisialta do Choiste na dTuismitheoirí agus tuismitheoirí Rang 5 as ucht  an féasta álainn a chur ar fáil sa scoil ina dhiaidh.
Ghlac daltaí na scoile sa 10@10 gach lá ar feadh 10 lá. Buíochas mór do mhúinteoir Helena as ucht é a h-eagrú dúinn.
Buíochas le múinteoirí Michelle agus Genieve as ucht an Céilí a h-eagrú.
Tá foireann na scoile agus an Bhord Bainistíochta ag dréachtú Polasaí Turas scoile faoi láthair.
Leis an bhfás in uimhreacha daltaí na scoile bhí ar an scoil seit nua albanna a cheannach don Choineatú.
Tá 10 ríomhaire gluine ceannaithe ag an scoil leis an deontas ríomhaireachta a tháinig ón Roinn. Beidh siad in úsáid ag na múínteoirí sna seomraí ranga.
Tá Cárta Creidmheasa ag an scoil anois. Tá sé ag teastáil níos mó chun rudaí a cheannach don scoil ar líne.
Tá an pleanáil do scoil nua ag leanacht leis agus an foireann deartha ag obair go dian leis an Roinn Oideachais agus an Bord Bainistíochta.