Rang Fíona – Tearma a 2
Tá Rang Fiona tar éis socrú go maith anois ar scoil agus táimid ag baint an-taitneamh as na gníomhachtaí éagsúla atá ar siúl ar scoil. Idir bláthanna agus feileacáin i gcomhair Lá le Vailintín, leipreacháin i gcomhair Lá le Pádraig agus uibheacha bainc don Cháisc a dhéanamh táimid an-ghnóthach. Le déanaí thosaíomar ag imirt camógaíochta agus iománaíochta agus tá Múinteoir Fiona ag coiméad súil amach don fhoireann scoile don todhchaí! D’fhoghlaimíomar an t-uafás ó Larry nuair a thug sé cuairt ar an scoil i gcomhair an seachtain Innealltóireachta agus bhaineamar an-sult as ag gléasadh mar charachtair leabhair i gcomhair Lá Domhanda Leabhair. Táimid ag súil leis an gcéad téarma eile agus na himeachtaí eile atá le teacht sna Naíonáin Shóisireacha!