Foireann Tráth na gCeist

Foireann Tráth na gCeist

Bhí dhá fhoireann againn i gcoir thráth na gceist ‘Credit Union Schools quiz’ ar an 29/1/16. D’éirigh go hiontach leo ar an oíche sa Ghrand. Bhuaigh an fhoireann sinsearach an chéad duais agus anois tá siad ag dul ar aghaidh go dtí an chéad babhta eile, ‘Chapters Level’ i mBaile Atha Cliath. Comhghairdeas mór le Matthew Harbourne, Kieran MacGiolla Phádraig, Christopher O’Dúill agus Conall O’Maolaoi. Comhghairdeas freisin leis an bhfoireann soisireach Karl O’Droma, Eva Harbourne, Robyn Ní Chofaigh agus Saoirse Ní Mhistéil.