Scríobh Leabhar 2016

Scríobh Leabhar 2016

Idir an comórtas “Scríobh Leabhar,” ealaín, canadh agus cispheil, bhí rang 5/6 ana ghnóthach an téarma seo. Chuireamar sár iarracht isteach sa comórtas “Scríobh Leabhar”. Tá na scéalta a scríobhamar ar fheabhas ar fad. Rinneamar tíleanna cré san ealaín agus d’éirigh go hiontach linn – bhíodar go hálainn. Comh maith le sin rinneamar bláthanna as plátaí páipéir agus postaeirí don Earrach. Thugamar iad seo do ‘Chlann Shiomón’ (Simon Community) i Kilmantin le haghaidh taispeántas a bheidh ar siúl acu i mBaile Átha Cliath ar an 17ú Feabhra. D’fhoghlamaíomar an t-amhrán traidisiúnta “Bean Pháidin” agus rinneamar cleachtadh ar ár gcuid scileanna cispheile san halla. Tá rang a 6 ag obair go dian dícheallach ag ullumhú don Coineartú. Beimid ag dul ar chúrsa spioradálta san Ionad Emmaus i Sord ar an 7ú Márta chun macnamh a dhéanamh ar fíor-mhiniú na sacraiminte seo.