Nuacht Shamhna – Rang Genieve

Nuacht Shamhna – Rang Genieve

Tá rang a cúig ag obair go dian i mbliana. Bhí ceachtanna snámha againn agus shiúileamar go dtí an linn snámha gach Mháirt. Le haghaidh Seachtain Matamaitice tháinig cuairteoir isteach agus labhair sé linn faoi Mata sa Timpeallacht agus bhaineamar an taitneamh as. Go raibh míle maith agat Fergus! Freisin, rinneamar postaerí mata agus chrochamar iad timpeall na scoile. Ghleasamar suas don Oíche Shamhna agus chanamar ár amhrán féin, ‘Oíche Shamhna’, sa halla os comhair an scoil ar fad. Tús maith leath na hoibre!