Nuacht Shamhna – Rang Aislinn
Posted on
18th January 2016
An téarma seo, bhíomar an-ghnóthach leis an ealaín. Mhaisíomar an seomra don Corn Domhanda Rugbaí. Rinneamar féinphortráidí a phéinteáil chun dul in éineacht le píosa scríbhneoireacht fúinn féin. Rinneamar ialtóga ag baint úsáid as péint, spúinsí agus gealra chun Oíche Shamhna a chéiliúradh. Rinneamar ollphéisteanna ag baint úsáid as cruthanna 2T i rith Seachtain na Matamaitice agus le déanaí rinneamar piongainí ag baint úsáid as cairt daite. Is rang an-ealaínte ar fad muid!