Seachtain Matamaitice 2015

Seachtain Matamaitice 2015

Ghlac an scoil iomlán páirt i ‘Seachtain Matamaitice’ idir an 12ú agus an 16ú Deireadh Fómhair 2015. Bhí an-obair déanta ag gach rang – maith sibh! Tháinig cuairteoir, Fergus Clune, chun cainte linn mar gheall ar an Mata timpeall orainn. Bhí sé an-shuimiúil ar fad agus táimid anois ag úsáid ár ‘Súile Matamaitice’ chun féachaint ar an mata sa domhain timpeall orainn.
Tá an scoil ag obair le chéile don ‘Ghradam Eolaíochta’ a chlúdaíonn obair ar: Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealltóireacht agus Matamaitice. Coinneoimid suas an dea-obair le linn na bliana.